Folúntas. Cúntóir Teanga

Folúntas: Cúntóir Teanga i gceantar Ard a Reatha.

Is post páirt-aimseartha é seo, 8 uair sa tseachtain. Beidh an Cúntóir Teanga ag obair le: 1. Páistí nach í an Ghaeilge a dteanga dhúchais. 2. páistí a bhfuil cuidiú sa bhreis de dhith orthu i dtaobh na teanga de. Beidh ar an gcuntóir stór focail, abairtí agus nathanna cainte, cluichí, scéalaíoht, rannta, amhráin srl a dhéanamh leis na páistí. Beidh an té a cheapfar ag obair faoi stiúir an phríomhoide/mhúinteoir ranga.

Tá sé riachtanach go mbeidh Gaeilge líofa , agus cruinneas labhartha agus scríofa ag an té a cheapfar. Ba bhuntáiste é taithí a bheith aici/aige ar a bheith ag obair le páistí agus bheith ag obair mar bhall d’fhoireann. Má tá suim agat sa bpost, seol litir iarratais le do C.V chuig:

Oifigeach Riaracháin,
Muintearas Thír Chonaill,
Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair,
Na Dóirí Beaga,
Leitir Ceanainn,
Co. Dhún na nGall.

nó Ríomhphost tirchonaill@muintearas.com roimh 5 a chlog Dé hAoine 18/2/22

Tá an post seo maoinithe ag an Roinn Turasóireacht, Cultúir, Ealaíon, Gaeltacht, Spoirt & Meán. Tá Scéim na gCúntóirí Teanga a reachtáil ag Muintearas thar ceann na Roinne. Is fostóir comhdheiseanna é Muintearas.

Share: